D'imigh sé na Lagáin ar an 12 Bealtaine. Fuair sé an bus ón leac i gCnoc an Stolaire agus bhí a mháthair leis. Chuaigh sé chuig an Raibil i Leitir Ceanainn ar dtús. Fuair sé an traen ansin go an Omaigh agus fostaíodh é i Mountfield, Contae Thír Eoghain ag Thomas Hawkes. Cur síos ar a chuid ama ansin, bia, obair le eallach, pá. Bhí sé san airm fosta ar feadh shé mhí ach bhí sé iontach uaigneach.
Fad: 00:08:12 Éist
I ndiaidh an Lagáin, tháinig sé ar ais na bhaile. Chuaigh sé go hAlbain ar an 20 Meitheamh, 1942. Bhí scaifte as Gaoth Dobhair agus Rann an Feirste ann fosta ag toghadh phréataí. Squads a thugtaí orthu, ag obair in Ardwell Farm. D'imigh se go Perth ansin sa gheimhreadh. Cur síos ar a am ansi. An bia agus tithe a bhíodh acu. Ag obair le eallach agus féar, an caitheamh aimsire a bhíodh acu agus an t-aifreann gach Domhnach. Bhí sé in North Berrwick fosta.
Fad: 00:09:41 Éist
An cogadh ag gabháil thart. Conradh a rinne De Valera le Churchill nach dtógtaí san airm na fir. Bhíodh an obair acu sular ndeachaigh siad anonn. Chaith sé dhá bhliain thall in Albain ach bhíodh sé anonn agus anall ar saoire.
Fad: 00:01:14 Éist
Ag obair ar na feirmeacha thall in Albain. Am an tsneachta mór in 1946, iontach fuar agus garbh, fuair moll ainmhithe bás. Mhair sé naoi seachtaine. Cur síos ar a am ar fheirm in Berwickshire. Chaith sé na blianta 1941-1949 ag obair ar fheirmeacha.
Fad: 00:09:15 Éist
Bhog sé go Glaschú agus bhí sé ag obair ar Oibreacha Poiblí le comhlacht as Béal Feirste ag tógáil tithe. D'oibir sé ar oileán Islay fosta ar scaglann ola (oil refinery). Cur síos ar an phá, obair agus coinníollacha a bhí ansin aige.
Fad: 00:11:21 Éist
Bhí sé ina chónaí sna Gorbals tamall. Bhí moll Éireannaigh ansin fosta. Cur síos ar na cineálacha tithe a bhí acu, solas, tinteacha agus dorais. Phós sé Kitty agus cheannaigh sé teach ar £250. An t-am a bhí ansin sna Gorbals acu.
Fad: 00:09:40 Éist
Hogmanany i nGlaschú.
Fad: 00:01:07 Éist
Glaschú/Glasgow fair. Thiocfadh muintir na hAlban abhaile go hÉirinn an t-am sin den bhliain.
Fad: 00:02:29 Éist
An modh taistil a bhí in Albain nuair a chuaigh sé anonn ar dtús, tramanna is mó a bhí ann agus ansin thosaigh na busanna.
Fad: 00:01:45 Éist